School: Corr na Móna

Location:
Corr na Móna, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Maille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 185

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 185

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corr na Móna
  2. XML Page 185
  3. XML “Smachtú na Báirsí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Smachtú' na Barsáighe
    Bhí baintreabhach an fadó agus bhí triúr inghin aice. Bhí ceann do na h-inghíneacha an fhíadháin ach bhí an bheirt eile socair. Phós an bheirt eile ach d'fan an cailín fíadháin sa mbhaile Tháinigh fear ag an mbhaintreabhach lá agus d'íarr sé an cailín lé pósadh Ach dúbhairt a máthair leis nach mbheadh sé anonn í a smachtúghadh.
    Pósadh an bheirt agus thug an fear abhaile leis í. Ar an mbhealach abhaile bhí an bheirt aca ar chapall nach raibh anonn siúbhal lé lagar.
    Núair a thainigh síad go dthí geata an tíghe ní raibh an capall anonn corruighe. Bhúail an fear í ach ní léimeadh sí an geata.
    Dúbhairt a bhean leis gan í a bhúaladh, ach léim sé anúas agus thóig sé amach an gunna agus mharbhuigh sé an capall. Bhain sé di an díollaid agus dúbhaird sé lén a bhean í a iomchur.
    Núair a tháinigh síad go dthí an teach cúaidh síadh isteach i seomra agus ba geárr go dtháinigh cailín istheach agus pláta fataí agus salann aice, agus leag sí ar an mbord aca é.
    Níor mhaith leis an gcailín an dinnéar ach níor dhubhairt sí dada, mar bhí faithcíos uirthe go marbhóchadh an fear í.
    An chéad lá eile, bhí an cineál céana dinnéar aca agus dúbhairt sí lén na fear tuige nach raibh dinnéar níos feár[r] acha fhéin agus an dinnéar deas a bhí ag na searbhánta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Folktales index
    AT0901: Taming of the Shrew
    Language
    Irish
    Collector
    Padhraich Curraidin
    Gender
    Male
    Address
    An Charraig Thiar, Co. Galway
    Informant
    Seán Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    Baile Dhúlocha, Co. Galway