School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Risteard Duineamhuil (Humanity Dick)
Ba duine do Mháirtíní Bhaile na hInse an Risteard seo. Bhí sé in a theachta i pPairliméad Grattan agus i bpairliméad Shasana in a dhiaidh sin. Bhí sé in a thighearna thalmhan ar pháirt mhór do Chon na mara. Chomhnuigh sé i mBaile na hInse. Tá a chaisleán annsin fós.
Tugadh Humanity Dick mar leas ainm air mar gheall ar gur budh é a chuir dlighe ar bun in aghaidh droch úsáide a thabhairt do bheithidhigh (Prevention of Cruelty to Animals Act)
Ba' aisteach an mhaise do dhuine de na Máirtíní dlighe den tsórt seo a chur ar bun mar is de bharr troda a chuaidh a gcáil ar fud an tsaoghail; agus is beag an trócaire a dheanfaidis ar dhuine ní áirighim beithidheach dhá gcuirtidhe fearg ortha
Cheannuigh Linseach Bearnan dúithche thalmhan i nDúithche Sheoigheach. Is é ant ainm atá fós ar an dúithche sin Gleann Ghlais agus tá sé ráidhte go bhfuil sé ar cheann de na trí ghleann is deise i-n Éirinn.
Bhí Risteard Máirtín ag iarraidh an dúithche a fhaghail freisin, agus bhí dlighe fada idir é(continues on next page)- Collector
- P. Ó Máille
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir