School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arís í agus níor stop sé ariamh gur thug sé suas ag teach a dhearbhráthar i, agus chuir sé breathnughadh isteach an fhuinneóg í agus í ag marcuigheacht ar capall.
Nuair a déirigh sé ar maidin agus nuair a chonnaic sé a mháthair ag breathnughadh isteach air, sgannthruigh sé agus chuaidh sé síos chuig a dhearbhráthair agus dubhairt sé leis í chur aríst agus go dtuibhraidh sé cúig púnt dhó. Thug sé leis í agus chuir sé í agus an chéad oidhce eile thóg sé aríst í agus thug sé suas chuig an bhfuinneóig í agus í ag marcuigheacht ar capall agus pice in a láimh aici.
Nuair a déirigh an dearbhratháir ar maidin agus nuair a chonnaic sé a mháthair agus an capall agus an pice, sgannthruigh sé agus dubhairt sé le na dhearbhratháir í a chuir aríst agus go dtuibhraidh sé deich bpúnt dhó. Níl baoghal ar bith orm í a chuir aríst ars an dearbhratháir mar nuair a bhí mé dá chur indé dubhairt sí liom nach bhfanfhadh sí suimneach san uaigh go deo go dtuibhraidh tusa leath na talamhain dhóm. Thug sé leath na talamh dhó agus bhí an bheirt saidhbhir uaidh sin amach agus níor chorruighe an mháthair ó shoin.- Informant
- Pádhraic Mac Samharain
- Gender
- Male
- Age
- 24
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway