School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 122
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheatha dhó. Nuair a chuala sé an méid sin, ní dhearna sé acht an cliabhán a bhriseadh agus bhí sé ina fhear mór, mhillteach agus dubhairt sé dá bhfágta bliadhain eile sa gcliabháin é go mbeadh - sé indhon leath an domhain a bhualadh. Rinne sé ciseán mór agus chuir sé an pota beag agus an pota mór agus chuile rud a bhí sa teach síos an agu dimthigh leis.
Tháinig sé chomh fada le teach ríogh agus dfhíarr se aimsir air. Thug an righ aimsir dhó agus lá amhain dubhairt sé leis dul go dtí an coill agus capaill fiadhain a bhí ann a thabhairt abhaile chuige. Chuaidh sé go dtí an gabha agus dubhairt sé leis bior mór iarann a dheanamh dhó agus rinne. Chuaidh sé go dtí an choill annsin agus bhí sé ag bualadh na gcapall go raibh siad chomh socair le uan caorach.
Bhí sé dhá gcuir isteac geata agus tháinig sinneán gaoithe a dhún an gheata aríst. Chonnaic sé teach le taobh an gheata agus ní raibh ann acht sean bhean agus dubhairt sé léithe dul amach agus an geata a choinneál fosgailte agus dubhairt sí nár fhág sí an chluid le leith chéad bliadhain. Rug sé uirthí agus thug sé amach go dtí an geata í agus chuaidh sé féin taobh istigh de na capaill. Nuair a chonnaic an(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Mac Samharain
- Gender
- Male
- Age
- 24
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway