School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
Teachers:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír na Cille
  2. XML Page 105
  3. XML “Scéal - An Rí a Chaill A Gheall”
  4. XML “Scéal - An Rí Saibhir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus tharraing sé amach a sgían, agus bhain sé ceann de h-ingne dá cois amach ó'n mbeo, agus d'imthigh sí ag caoineadh. Ghlaoidh sé ar ais uirthi agus tháinig sí chuige agus thosuigh sí ag lighe a lámha is a éadan. Go dearbhtha adeir an rí níl aon nídh beo a gcurthá an bhail sin air, a liochadh do lámha ná t-éadan acht do chú.
    An tríomhadh ceist cé'n námhaid is mó agat beo. Sé ar dubhairt sé gur bí a bhean agus a bhean annsin sa lathair, Ó a bheitheamhnaigh adeir an bhean, dá ba mise an námhad is mó beo agat, is fada an lá dhéanfainn sgéal ort, gur raibh t-athair coinnigheadh agat, thíos faoi'n gcistineach, nuair ba cheart é bheith curtha agat le do mháthair. An fíor é sin adubhairt an rí. Sin í an fhírinne adeir an fear óg. Gan doubht sí an námhad is mó agat beo go abhaile anois tá na ceisteanna freagraighthe agat-sa ceart, agus tabhair aníos t-athair, agus ní chuirfir aoinne síos beo sa talamh arís le na chomráda nó go gcailltear é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.