School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
Teachers:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 059

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír na Cille
  2. XML Page 059
  3. XML “Scéal - Cailín ar Éirigh léi”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Ó dubhairt an fear ní fheadfadh mé an inghean sin a thabhairt duit, mar bhrisfidh sí agus reabfhaidh sí do theach mar ní dheanfhaidh sí tada dom acht tuibhraidh mé an tríomhadh inghean duit." "Tá go maith" ars an fear. Thug sé leis í agus d'imthigh sé leis.
    Ní raibh fagfhaidh anois ag an fhear acht an inghean ba shine, agus dá dhána agus a bhí sí cheana bhí sí seacht n-uaire níos measa anois. Ní dheanfhadh sí tada don fhear agus bhí sé tríd a chéile. I gcionn bhlíadhain eile tháinig fear eile agus d'fíarr sé an inghean air. "Ó ní thuibhraidh" ars an fear "mar ní fhagfhaidh sí tada agat, agus tá sé chomh maith agat imtheacht ag suibhal na bóithre ná i bheith agat."
    Ná bac leis sin ars an fear ceansóchaidh mise í." Bhí capall mór aige agus dubhairt sé leis an bhean a ghabhail suas ar a chúl. Chuaidh sí suas agus d'imthigh leo. Bhí siad ag dul treasna sléibhe agus bhí cú aige. Is geárr gur éirigh girrfhiadh agus lean an cú í. Thosuigh an fear ag iarraidh é a stopadh agus ní stopfadh sé. Tháinig sé ar ais agus é féachta amach. Rug an fear ar ghuna a bhí aige, agus chaith sé an chú. Níor thug an bhean áird ar bith ar sin. Is geárr go dtáinig siad go geata a thighe. Bhí geata mór ann agus thug sé iarraidh don chapall.
    Ní leimfeadh an capall an geata agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0901: Taming of the Shrew
    Language
    Irish
    Informant
    Mártain Bhéartha
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Ráithe, Co. Galway