School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 025
- XML “Scéal - Fear na Scuab”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh sé síos ag an gcladach san áit a raibh an t-sean chailleach.
Dubhairt sé léithe ubhall a cheannacht acht dubhairt sise nach gceannochaidh. "Blas de seo go bfeicfidh ú chomh milis is tá sé ar seisean. Thóg sí ceann agus bhlas sí dhe. Ar an noimead thuit sí sa gcladach le meadhcan an dá adairc a bhí uirthí. Leig as seo mé agus tuibhraidh mé céad míle púnt dhuit. "As sin ní corruigheochaidh tú go dtuibhraidh tú croidhe mo éinín dhom arsa Seán. Níor mhaith leíthe é thabhairt dhó acht bhí dá plucadh agus thug sí dhó acht i leigint as. Nuair a fuair sé croidhe an éinín d'fág sé annsin í agus chuaidh sé go dtí an caisleán. Chuaidh sé suad an caisleán agus thug sé ceann de na h-ubhla glasa dá mhnaoi a raibh a cloigeann amach ar an bfuinneoíg agus thuit an dá adairc dhí agus cuadar síos san talamh agus rinne siad dá phier geata ar aghaidh dorais an caisleáin.
Chruinnigh sé sgata fear agus chaith siad an t-sean chailleach amach sa bfairrge agus mhair sé féin agus a bhean saidbhir sasta in a dhiaidh sin.- Informant
- Tomás Ó Liodain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway