School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 020
- XML “Scéal - Fear na Scuab”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aon mhaidin ó tháinig sibh isteach sa teach nach bfuair mé póta ór fa cheann duine agaibh, agus póta airgead fa cheann an duine eile, agus tá an seomra líonta le airgeadh, agus tabhair libh má's fíor é sin adeir Seán, ní teastochaidh sé uainn acht luach cáirr go blá cliath. D'fág siad slán agus beannacht ag an mbaintreach agus d'imthigheadhar ar aghaidh blá cliath. Thógadar cárr a thug i bfoisgeacht trí mhíle go blá cliath iad. Anois adeir Seán le Seámuis codhlaidh muidh san ngarrdha seo thuas anocht agus béas againn cé againn bhéas an pota airgead faoi, agus cé againn bhéas an pota óir óir faoi. Nuair a dhuisigh siad ar maidin bhí an t-ór faoi chloigeann Sheáin agus an t-airgead faoi chloigeann Sheamuis. Is docha adeir Seán ó dith mé croidhe an éinín go bhfuil an t-ór faoi mo chloigeann, agus ó dith tusa na sgathmhoga go bhfuil an t-airgead faoi do chloigeann chuile lá ó shoin.
Chuadhar go blá cliath agus thógadar seacht gcinn de sheomra i dteach mór ann. Sé an obhair a bhíodh aca chuile lá ag déanamh boscaí agus ag cuir an airgead isteach ionnta agus d'fán annsin go ceann bliadhna. Lá amháin tháinig rí na Spáinne agus a inghean ar cuairt chuig an bfhear seo. Nuair a bhí an(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Liodain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway