School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
Teachers:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír na Cille
  2. XML Page 016
  3. XML “Scéal - Fear na Scuab”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    lá roimhe sin. Ní rabhadar cead slat ón teach nuair a chonnaic siad an téinín aríst agus thosuigh siad ag leanamhaint dhó agus le tuitim na hoidhche rugadar air. Nuair a thug siad abhaile an téinín thaitnigh sé go han mhaith leis an tathair agus thug sé suipéar maith dhoibh. Rinne sé cliabhan éin dhó ahis chuir sé isteach ann é.
    Maidin lár na bhárach nuair a bhí sé ag dul isteach chuig an baile mór ag díol na sguabhanna chonnaic sé ubh sa gcliabhan éin faoi an téinín. Thóg sé amach an ubh agus bhí sí ar an ubh ba deise dá bfaca sé ariamh agus bhí sgríobh uirthí nach raibh sé indon a léigheadh. Thug sé ag fear ceannuigthe í a bhí sa mbaile mór a bhí an saidbhir. Dubhairt an fearr ceannuigthe leis go dtuibhraidh sé céad púnt dhó ar an ubh, agus bhí an spóirt ar an bfear bocht, agus nuair a fuair sé an t-airgead thug sé cairt plúr agus earraidhe abhaile leis. Lár na bhárach bhí ubh eile san gcliabhan éin, agus thug sé chuig an bfear ceannuigthe aríst í, agus thug sé céad punt eile dhó ar an ubh sin. Lár na bhárach bhí ubh eile ann agus thug sé chuig an bhfear ceannuigthe aríst í agus thug sé trí chéad punt dhó. Anois ars an fear ceannuigthe leis an bfeirmeoir bocht seo. Tá mac agam-sa agus tá inghean agat-sa, agus má
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Liodain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tír na Cille Theas, Co. Galway