School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 012
- XML “Scéal - An tÉireannach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí gur inghean righ a bhí inntí agus go raibh sí fa dhraoidheachta ag triúr fathaigh agus go mbeadh sí amhlaidh go bfanfhadh duine éicint trí oidhche sa teach acht dubhairt sí go marbhochadh na fathaigh duine ar bith a d'fhanfadh ann.
Dubhairt an t-éireannach go bféachfhadh sé féin iad acht dubhairt sise nach raibh aige acht droch sheans acht dá mbeadh an t-anam ann chor ar bith ar maidin go raibh buidéal aicí a leigheasach é. Dubhairt sí leis gan tada a dhéanamh a déarfhadh na fathaigh leis no go mbeadh sé féin fa dhraoidheachta freisin. An oidhche sin bhí sé sa teach agus ar an dó dhéag tháinig na fathaigh agus reidtigh siad tae. Dubhairt siad leis an éireannach cupán tae ól, acht ní raibh baoghal air. Nuair a bhí an tae ólta, dubhairt siad leis a dhul ag imirt chártaí leo, ach ní rachadh.
Bhí siad ag iarraidh é mhealladh chuile chaoi acht chinn ortha. Bhí draoidheachta ag na fathaigh agus rinne siad trí bhullán mhór dhiobh féin agus chuir siad adharca ortha féin chomh fada le maide láimhe. Thosuigh siad dá chur go barr an tighe le na h-adharca fada agus níor stop siad gur ghlaoidh an coileach ar maidin, acht níor mharbhughadh siad an t-éireannach amach is amach.
Tháinig inghean an righ chuige ar maidin agus(continues on next page)- Informant
- Padhraic Mac Samharain
- Gender
- Male
- Age
- 24
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway