School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
Teachers:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 010

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír na Cille
  2. XML Page 010
  3. XML “Scéal - An Lachain Dhearg sa Domhan Thiar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an loch agus bhí an fear ann roime.
    Bhfuil fhios agat ce'n fáth a bhfuil mise annseo le cead bliadhain. "Tá fhios agam ars an buachaill. Ce'n fáth ars an fear. Tabhair soir mé thar an loch agus innseochaidh mé dhuit annsin é. Thug sé soir é agus annsin dubhairt an buachaill leis na maidí ramha a thabhairt de'n chead duine eile a thiocfadh isteach sa mbád agus é féin a chaitheamh isteach sa loch, agus go mbeadh sé saor. Thug an fear sin mála airgead dhó agus d'imthigh sé go dtí an teach, a raibh an crann óir aca. D'innis sé doibh go raibh luch annsin ag bun an chrainn, agus dubhairt sé leo í mharbhughadh. Thug an fear sin mála airgead dhó agus d'imthigh leis go dtí an fear a raibh an sruthán fíona aige agus dubhairt sé leis go raibh cat ag ól an fhíona agus an cat a mharbhughadh. Thug an fear sin mála airgead dhó freisin. Chuaidh sé chomh fada annsin agus bhí a athair ann roimhe. Cá bfuair tú an t-or a dubhairt an t-athair agus dubhairt seisean go raibh sé ag siubhal ar airgead ó shoin. D'imthigh an t-athair annsin agus chuaidh sé go dtí an loch agus bhí an fear ann roimhe agus dubhairt sé leis an bfear é a thabhairt siar. Gabh isteach sa mbád ars an fear agus thug sé na maidí ramha shó agus léim
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Informant
    Mártain Seoighe
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tír na Cille Theas, Co. Galway