School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
Teachers:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír na Cille
  2. XML Page 007
  3. XML “Scéal - An Lachain Dhearg sa Domhan Thiar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    loistín ar fhear an tighe. Thug fear an tighe sin shó agus d'fiafruigh sé dhé a raibh aon bharamhail aige ce'n fáth nach bfuil fíon ins an sruthán sin amuigh mar bhí cúpla bliadhain ó shoin. Níl fhios agam ars an buachaill, acht tá sé chomh maith agam a bheith ag giorradh an bhealaigh go dtí an domhan thiar.
    Bhí sé ag imtheacht annsin no gur thuit an oidhche air agus chuaidh sé isteach i dteach eile. "Cá bhfuil tú ag dul arsa fear an tighe. Tá mé ag dul go dtí an domhan thiar ar seisean go bfaigheadh mé an cleitín óir atá faoi sgiathán an lachaín dhearg. An bhfeiceann tú an crann sin amuigh arsa fear an tighe, agus dubhairt an buachaill go bhfeiceann. Bhí bláth óir ag fás ar sin fadó, agus níl sé ag fás anois air ars an fear. An bhfuil fhios agat-sa ce'n fáth sin agus dubhairt an buachaill nach raibh fhios agus d'imthigh leis. Bhí sé ag imtheacht agus ag sior imtheact no go dtáinig sé chomh fada le loch. Bhí fear annsin agus bád aige. Tabhair go dtí an domhan thiar mé ars an buachaill. Thug an fear siar é agus annsin d'fiafruigh sé dhé ce'n áit a bhí sé ag dul agus dubhairt an buachaill go raibh sé ag dul go bfaigeadh sé an cleitín óir atá faoi sgiathán an lachain dhearg. Bhuel tá mise ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Informant
    Mártain Seoighe
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tír na Cille Theas, Co. Galway