School: Cloch Bhreac (roll number 12106)

Location:
Cloghbrack, Co. Galway
Teacher:
Pádraig de Búrca

Filter stories

Back
/ 770 Forward
Resolution: Low | High
Toibreacha Beannaithe

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 747

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá dhá thobar beannuithe sa bparróiste seo. Sé an áit a bhfuil siad amuigh i mBaile an Tobair. Sé an t-ainm atá ortha tobar Mhuire agus tobar Féichín. Tugann na daoine cuairt ag na toibreacha chuile bhliadhain. Sé an uair a thugann siad an turas faoi Fhéile Muire. Sé an chaoi a d’tugann siad an turas. Teigheann siad amach ag an tobar, agus báineann siad doibh a gcuidh broghaí. Annsin faghann ceithre chloch déagh, agus teigheann siad thart ar an tobar ceithre h-uaire déagh. Siad na paidreacha a deirearach na daoine ag an turas. Seacht sé do bheatha Mhuire, seacht n-uaire an phaidír, agus nuair a bhíonn’s an turas tughtha acú teigheann siad ar a ghlunaí ar aghaidh an tobair agus déireann siad tuille paidreacha. Annsin blásann siad don uisge. Cuala mé go bhfuil siad ann lé fada agus go bhfuil siad ann bheannuithe.

Collector
Máire Seóighe
Gender
female
Address
Cloghbrack, Co. Galway
Language
Irish