School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 631

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 631

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 631
  3. XML “Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    73) Níl fhios ag aoinne cá luigheann an bhróg ar dhuine eile
    74) Ní airigheann súthach sáthach bolg folamh
    75) Iomarca cócaireacht milleann sé an t-anbhruith
    76) Dá dhonacht maol is measa mullach
    77) Moilleann Dia an deifir
    78) Nuair is mó do dheifir 'seadh is mó do mhoill

    79) Súil cait i ndiaidh na luiche, súil caillighe i ndiaidh bean a mic agus súil saor i ndiaidh na cloiche, na trí nídh (?) is géire amuigh

    80) Bíonn an fhírinne searbh ach buadhann sí gach dearmad

    81) Smut madaidh, cosa cailighe agus deór aille na trí rud is fuaire amuigh

    82) Cuairt gearr an chuairt is feárr agus gan í dheánamh ach go h-annamh, agus í sin féin a dhéanamh i dteach do charad

    83) Iomarca ban i mbaile gan abhras, an iomarca gé i mbaile gan torlach ná iomarca sagart gan rud a bheith doíbh, is olc an trí nidh iad sin gan rud a bheith dóibh

    84) Ní thig fearthainn, ní thig cruadhas, ní thig fuacht go dtig an t-Earrach

    85) Is fearr lán cupáin de dusta Márta ná cómhra lán d'ór

    86) Sionnán gaoithe lá Fóghmhair agus tá sé i ndon céachta óir a dhéanamh

    87) Bean táilliúra agus bean tinceára sin beirt nach reídhtigheann riamh le chéile

    88) Tá dhá thaoibh ar an mbilleoíg

    89) Ná bac le mac an bhacaigh muna mbacaidh mac an bhacaigh leat

    Sean-Chómhrádh
    Cuir síos an teine agus ná coigil í,
    In do chroidhe na bíodh aon chruadhas
    Cuimhnigh nach bhfuil ins an teine ó ghabhfas sí síos
    Ach gríosach ó Neamh anuas
    An bhiadh fheín agus a fhághail gan fonn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish