School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 493

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 493

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 493
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sin leig tharad é: Flaitheas.
    18. Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith. Beirt ag aireachas, beirt ag éisteacht agus mac Uí Dhómhnaill ag rith ag an méid sin: Bó.
    19. Tháinig sé isteach ar muin na ndaoine is chuaidh sé amach chomh mín le síoda: Móin.
    20. Fear beag i n-a sheasamh le claidhe. Itheann sé gach a bhfághann sé ach ní ólann uisge: Teine.
    21. Chuaidh mé suas an bóithrín agus casadh mo mham dom. Bhí srón iarainn uirthi, méaracha airgid agus sí chuirfeadh an ruaig ar na préacháin : Gunna.
    22. Thiubharfadh snaithe síoda is ní thiubharfadh rópa cnaíbe anuas é: Deatach.
    23. Sean firín bocht is a maide faoin a ucht is é silte anuas ar carragán cloch: Bárr doras.
    24. Duibhín ó duibh thar fairrge 'noir ag innseacht sgéil gan feith gan fuil: Litir.
    25. Chím i n-a luighe 's n-a seasamh í. Chím ar bhárr an aitinn í agus drúcht ná féar ní leagann sí, is ní stadann sí dá siubhal: An Ghealach.
    26. Chím chugam thríd an lios fear na coise caoile cruaidhe is é mo thruagh gan é ar rith ór ar a bhfuil beó fághann sé buaidh: An Bás.
    27. Chugat, chugat, thríd an lios, fear gan léine fear gan crios, fear na coise caoile, caime. Sé mó léan é bheith gan fios: An bás.
    28. Triúr dearbhrathár ag dul thar theampall. "Gabhfaidh mé isteach" arsa duine aca go bhfeicead mac mo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
    Informant
    Maoilsheachlainn Ó hAllmhúrcáin
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway