School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 487
- XML “Mallachtaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uilig ag dóghadh."
(9) Bhí sean fhear ann fadó agus chuaidh sé isteach i dteach ar an Mám; bhí Reaftaire i n-éidigh leis. D'iarr sé deoch ar bhean an tighe acht ní thiubhradh sí aon deoch dó. Chuaidh sé amach ar an tsraíd agus rinne sé fáinne timcheall. Sheas sé istigh ann agus thosuigh sé ag easgainidhe nuair nach bhfuair sé an deoch."Ná raibh clúmh ar do chirc ná ubh ar do lach'
Ná raibh laogh ag do bhó na siubhal ag do pháiste
Agus go mba mó an teine a mbeidh t-anam ann ar an lá deiridh
Ná sléibhte Chonnamara agus iad uilig ag doghadh"
(10)Iorrus bheag agus iorrus mhór,
Iorrus longáin nach raibh ariamh cóir,
Iorrus Chlann Domhnaill ó thuaidh,
'Sé mo bhrón is mo chreach má's ann atá mé anocht,
Dream cuidoighthe na mallaí ngruain, (?)
B'olc a ngruais is níor mhaith a ngreach,
Ach nár théigh siad-san go Flaithis Dé,
Go mbí fios mo sgéal-sa acu i gceart.
Bhí Micheál Mac Suibhne i n-iorrus Chlann Domhnaill uair.
Bhí sé ag iarraidh ar mhuinntir na h-áite sin é a leigeann isteach ach ní leigfeadh nó ní thiubharfaidís aon rud dó agus sin é an mallacht a chuir sé ortha nuair a bhí sé ag imtheacht.- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Collector
- Cáit Nic Allmhuráin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Collector
- Eibhlín Nic Allmhuráin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway