School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 462
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sean-bheirt i n-a gcomhnuidhe i gConamara fadó.”
(continued from previous page)Pádhraig aríst agus sé na gabhair. "Anois a Mháire" ar seisean "tá fios agat-sa agus dá mbéinse im'aturnae agus tusa liom dhéanfadh muid gnaithe maith." D'imthigh Pádhraig go B'l'á' Cliath agus thosuigh sé ag siubhal thart 'san áit a mbíodh na h-aturnaethighthe ag fóghluim. Tháinig fear óg amach chuige. "Bhfuil fhios agat" ar seisean "cé'n chaoi ar tháinig Naomh Iósef abhaile." "Níl fhios" adeir Pádhraig. "Imthigh leat mar sin, níl fhios agat tada" adeir an fear óg. "Bhfuil fhios agat-sa cé'n chaoi ar tháinig Josie seo againne abhaile". "Níl fhios" ar seisean. "Tá tú chomh dona liom féin mar sin" adeir Pádhraig. An t-am sin goideadh airgead ó fhear saidhbhir i mBaile átha Cliath agus dubhairt an fear ar leis é go bhfuigheadh an fear a gheobhfadh é luach-saothair maith uaidh. Chuaidh Pádhraig ar ais go dtí Máire agus d'iarr sé uirthí a theacht leis agus go mbéadh fhios aice cá raibh an t-airgead. Bhí máilín ag Máire a raibh min-choirce ann le n-ithe ar an mbealach. Nuair a chuadar go B'l'á Cliath d'innis Pádhraig do'n fhear saidhbhir fá'n bhfios a bhí ag Máire agus go mbéadh fhios aice(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Informant
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway