School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 458
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear i n-a chomhnuidhe in Inbhear fadó darbh' ainm Pádraig Ó Conra.”
13.
Bhí fear i n-a chomhnuidhe in Inbhear fadó darbh' ainm Pádhraig Ó Conra. Bhí sé bocht - gan teach ná talamh aige. Cailleadh a bhean go goirid tar éis dóibh pósadh. Ní raibh le déanamh aige annsin ach imtheacht ag iarraidh na déirce. Ní raibh aon achar gabhtha aige nuair a tháinig sé go dtí teach mór bréagh. Ní raibh gothadh boichteannais i ngar ná i ngaobhar dó. Chuaidh se isteach go dtí an doras agus fosglaigeadh láithreach dó é. 'Sé fear an tíghe a d'fhosgail é agus nuair a chonnaic sé an droch éadach a bhí ar Phádhraig dubhairt sé "is garbh Gaedhalach í do chulaith. Ach "má's garbh riabhach is fearr ná'n t-iasacht". Thug sé obair dó agus togha an éadaigh i n-a theannta. D'fhan sé tamall maith ag fear an tighe agus ar feadh an ama sin ní fhuair aoinne aon locht air. Nuair a bhí sé ag imtheacht thug an mháighistir pota mór óir dó. Tháinig sé ar ais go h-Inbhear annsin agus chaith sé an chuid eile d'á shaogha[il] ann. Sul a bhfuair sé bás chuir sé an pota óir síos fá chloich. Tá fiche carraig thart uirthí - ceann i n-aghaidh gach bliadhain dár chaith Pádhraig ag saothrughad an airgid. Tá sé ós cionn céad go leith bliadhain ó cuireadh ann é. D'fhéach athair mór Shéamuis Uí Chadhain, atá i n-a(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Maithnín
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway