School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 457

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 457

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 457
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear i mbothán uair darbh' ainm Seághara Ó Maithnín.

    12.
    Bhí fear i mBothán uair darbh' ainm Seághan Ó Maithnín. Chuala sé go raibh ciste i bhfolach i n-aice le n-a theach agus chuaidh sé amach lá 'ghá thóruigheacht. Nuair a bhí sé sgathamh ag cartadh fuair sé crúisgín árdnósach a bhí lán go béal le h-ór. Bhí an-ríméad air ach ba gheárr a mhair sé. Nuair a bhí sé ag cur an bhóthair abhaile de chuala sé gol géar, cráidhte 'san áit a bhí sé tar éis a fhágáil. D'fhéach sé i n-a dhiaidh agus chonnaic sé each caol dubh agus é ag caoineadh go brónach. Sgaithte thagadh an t-each an-ghar dó agus leagadh sé a phus ar an bpota. Chuaidh Seán ar ais agus leag sé an pota síos 'san áit chéadhna aríst. D'imthigh an t-each as amharc. Níl fhios cé chuir an ciste i bhfolach ach níor féachadh len' fhághail ariamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
    Informant
    Maoilsheachlainn Ó hAllmhúrcáin
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway