School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 442
- XML “Aonach Bhaile Lábáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé ar an aonach e. Tháinig beirt driothár chuige agus d'fhiafruigh de cé mhéad ar an gcapall. "'Réis é thabhairt ar an aonach" ar seisean "ní'l fhios agam a ndiolfaídh mé é mar tá sé ag breith airgid." Bhíodar leis go bhfuaireadar an capall ar thrí chéad punt. Dá mbéidís leis an gcapall ó shoin ní bhéarfadh sé aon airgead dóibh. Chuadar go fear an chapaill le n-a mharbhughadh. Rug seisean ar dá girrfiadh. D'fhág sé ceann 'san mbaile ag a bhean. Annsin d'imthigh leis go bárr na páirce agus an ceann eile fá n-a asgaill. Tháinig na fir agus d'fhiafruigh cá raibh fear an tighe. Dubhairt an bhean go raibh sé imthighthe amach ach go gcuirfeadh sí an girrfiadh amach i n-a choinne. Chuaidh an girrfiadh as amharc agus tháinig an fear ar ais agus é fá n-a asgaill aige (mar dheadh). Cheannuigheadar an girrfiadh uaidh ar thrí chéad punt. Chuireadar-san an girrfiadh ar teachtaireacht ach níor fhill sé. Nuair a bhíodar imthighthe fuair sé putóg caorach, líon d'fhuil í agus chuir ar mhuineál a mná í mar bhí fhios aige go dtiocfaidís arís. Nuair a thángadar dubhairt sé go raibh slat aige a dhéanfadh duine a bhéadh marbh beó. Fuair sé an t-slait agus rith chuig a bhean gur cuir sgian 's bputóig. Tuit sise marbh. Bhuail sé buile de'n t-slait uirthí agus d'eirigh sí arís. Cheannuigheadar an t-slat leí ar £300. Nuair a chuadar abhaile mharbhuigh ceann aca a bhean acht nuair bhuail sé de'n t-slait í níor chorruig sí. Rinne an fear eile an rud céadhna. Thugadar cead a chinn d'fhear an chapaill mar bhí fhios aca go gcuirfeadh(continues on next page)
- Collector
- Cáit Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway