Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. Galway
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 439

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 439

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 439
  3. XML “Ádh ar an Amadán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'imthigheadar leo. Chuaidh an t-amadán bóthar dhó féin. Casadh teach leis. Chuaidh sé isteach agus d'iarr déirce Dubhairt fear an tighe leis go dtiubharfadh sé obair dhó ach go gcaithfeadh sé codladh i seomra a mbíodh sidheoga 'á n-aireachtáil ann agus fághail amach céard bhíodh ann. Chuaidh sé a chodladh an oidhche sin. Lá ar na bhárach d'fhiafruigh fear an tighe de bhfaca sé tada. "Chonnaic mé beagán" ar seisean. Thug sé £300 dó. D'fhiafruigh de an bhfanfadh sé agus dá ndéanadh go dtiubharfadh sé £300 eile dhó. An mhaidin dár gcionn d'fhiafruigh an fear de bhfaca sé tada. "Connaic mé beagán" ar seisean agus fuair sé trí chéad eile. Dubhairt fear an tighe leis nach bhfuigheadh sé aon pingin eile go bhfághadh sé amach céard a bhí sa seomra. An oidhche sin chuala an t-amadán gleó agus béiceadh sa seomra. D'eirigh sé. Chonnaic sé fear beag agus fear mór ag troid. Cheap gur mór an feall gan ceartas a seasamh do'n fhear beag. Rug sé ar an bhfear mór agus d'fhiafruigh de céard a bhí sé a dhéanamh. Dubhairt sé gur driotháir do mháistir an amadáin é ach gur mharbhuigh seisean é agus go raibh air a bheith ar an obair seo. Lá ar na bhárach d'innis sé an sgéal dá mháistir agus dubhairt seisean go dtiubharfadh sé £300 eile dó. Dubhairt an t-amadán go n-innseóchadh sé air muna ndubluigheadh sé an t-airgead. Annsin fuair sé £600. Chuaidh sé chuig na gardaí agus sgeith ar an bhfear. Crochadh a mháistir 'Sé sgéal dá raibh sé gur fhan an teach agus an áit ag an amadán.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway