School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 434

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 434

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 434
  3. XML “Seanbhean agus a hIníon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    táilliúr, gréasuidhe, feilméar agus siúnéar ar a tóir. Dubhairt an tsean-bhean léi an feilméar a thógáil ach dubhairt sí go mbfhearr léi an fear a mbeádh céird aige.
    "Tá go maith", ars an t-sean-bhean, "a chomhairle féin do mhac Éanna 's ní bhfuair ariamh níos measa."
    Dubhairt an t-sean-bhean léi sean éadach a chur uirthí féin agus a h-éadan a dhathughadh. A dhul chuig teach gach duine de na fir agus déirce iarraidh air agus an duine a bfhearr a thiubharfadh déirce dí a phósadh. Rinne sí amhlaidh. Chuaidh sí chuig teach an ghréasuidhe agus d'iarr déirce air.
    "Níl aon cheó sa teach agam go dtagaidh mé ó'n siopa tráthnóna," ar seisean.
    Chuaigh sí chuig an tailliúr agus chuig an siúinéar ach dubhairt siad-san an rud céadhna. Nuair a chuaidh sí chuig teach an fheilméara bhí sean-bhean istigh ag déanamh maistreadh. D'iarr sí déirce uirrí.
    "Tiubharfaidh mé déirce dhuit agus do pháigh," ar sise, "má fhanann tú agam go tráthnóna agus congnamh a thabhairt dom. Tá séisear fear ag obair ag mo mhac agus tá cinnt orm freastal a dhéanamh dóibh."
    Dubhairt an bhean óg go raibh a cuid éadaigh ró-shalach le dhul ag déanamh an mhaistreadh. Thug an bhean éadach glan dí. Tháinig na fir isteach chuig i ndinnéar ach níor airigh ceachtar aca í. Sa tráthnóna thug an bhean cáca mór, mioscán ime agus deich sgilleacha págh dí. D'innis an bhean óg an sgéal dá máthair agus dubhairt sise 'nois nár dubhairt mise leat go mbfheárr comhairle beirte ná cómhairle duine amháin. An oidhche i n-a dhiaidh sin thug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway