School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 433
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 433
- XML “Scéal”
- XML “Seanbhean agus a hIníon”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Uair amháin dá raibh Dómhnaill Ó Conaill í Sasana casadh fear leis a bhí buadhatha.”
(continued from previous page)gCo. Chorcaigh." Ní raibh lé déanamh ag an siopadóir annsin acht luach na mbanbh a tabhairt dó----Sgéal
Bhí fear i Sasana fadó agus bhí sé i gcruaidh-chás Casadh Domhnaill Ó Chonnaill air agus d'fhiafruigh seisean de céard a bhí air. "Tá" ar seisean "ceithre beithidheach goidthe agus tá an t-airgead ar fad caithte agam. Ní'l fhios agam beó ceard is fearr dhom a dhéanamh". "Ná bíodh faitchíos ort" arsa Domhnaill "oibreochaidh mise i n-aisge dhuit". Annsin thug sé tistiún dó agus dubhairt leis dul isteach i siopa agus péire bróg fághail ar an airgead sin. "Muna sábháilidh sin tú ní'l fhios agam céard is fearr dhuit a dhéanamh." Rinne an fear amhlaidh cé nár thuig sé an sgéal chor ar bith. Ag an gcúirt lá ar na bhárach d'eirigh Dómhnaill agus labhair. "Tá aithne agam-sa ar an bhfear seo" ar seisean "ó chuir tistiún bróga air agus ní fhaca mé aon cheó déanta as bealach aige ó shoin. Tá mé i ndon an mhéid sin a mhionnughadh." "'S dóigh go mba bheag an eadáil é nuair chuir tistiún bróga air. Saortar é." Chuaidh an fear amach saor.- Sean-bhean agus a h-inghean
Bhí sean-bhean ar an mbaile seo fadó agus bhí bean óg d'inghean aicí. Bhí siad an-tsaidhbhir agus go leor beithidheach agus caorach aca. Mar gheall ar a saidhbhreas bhí go leor fear ag iarradh na mná óige le pósadh. Bhí(continues on next page)- Collector
- Cáit Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway