School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 431

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 431

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 431
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear óg agus bean óg san áit seo fadó agus bhí siad le pósadh.

    (continued from previous page)
    cómhairle beirte ná comhairle aon duine amháin." Cuirfidh mé glas ar mo theach 'san oidhche de Dómhnaigh agus tig leis bean a fághail í n-áit éicint eile" Rinne sí amhlaidh agus nuair a tháinig sé bhí an teach fuar folamh gan duine lé fághail aige. Dimthigh sé abhaile agus cailleadh le briseadh croidhe é. Nuair a bhí sé seachtmhain caillte bhí an cailín seo ag an siopa agus tháinig an oidhche uirthí ar an mbealac abhaile. Bhí faitchios mór uirthí agus gan duine ná beithidheach lé feiceál aice. Ba gearr go dtáinig fear suas léi agus é a marcaidheacht ar chapall. "Tá faitcíos ort a chailín" adeir sé "is feárr dhuit a dhul ar an gcapall liom." Chuaidh agus sin é an uair a d'aithnigh sí gurb é an fear a bhí caillte a bhí ann. Tháinig sgannradh uabhthásach uirthí agus ní leigfeadh sé ar an talamh í. Bí siad ag imtheacht leó agus ghlaoidh an coileach. "Tá an coileach ag blaoideac" arsa an cailín. "Ní coileach é" arsan an fear "acht mac ceirce." Ghlaoidh coileach an dara h-uair "An coileach aríst" arsa an cailín. "Ní h-eadh acht gragán fóghmhair" arsa an fear. Nuair a bí sé ag déanamh lae ghlaoidh an tríomhadh ceann agus dubhairt an fear. "Coileac maith Márta' is gearr uainn anois. Is gearr go mbí an beirt againn ag dul i n-aon uaigh amháin" adubhairt sé agus tosuig se ag cainnt ar an bpósadh agus ar an rud do rinne sí nuair a d'imthigh sí uaidh Bhí siad ag dul thar ceardcha agus iad le linn casadh isteach ar an teampall. Bhí an gabha istigh ag obair agus iarann dearg sa teine aige. "Mo corp agus Manam ort a ghabha" arsa an cailin "'Seadh" arsa an gabha ag caitheamh amach an iarainn dearg agus rug ar an gcailín agus thóig anuas í. "Is maith dhuit" arsa fear an chapaill "acht tá do chóta agam agus bí ar an teampall amárach go mbéidh sé le feiceál agat" Chuaidh sí go dtí an teampall agus bí an cóta ina phíosaibh beaga ar an uaigh. Chuaidh sí abhaile agus ní bhfuair sí aon lá sláinte aríst gur cailleadh í. An fhad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0365: The Dead Bridegroom Carries off his Bride (Lenore)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway