School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 421
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí 'sé ina dlighe i n-Éirinn fadó gach duine a dhóghadh chomh luath is a bhéidís trí sgór bliadhain d'aois.”
(continued from previous page)bhí sean-fhear ann a bhí ós cionn na h-aoise sin. Ní raibh aoinne sa teach leis ach a mhac agus bean a mhic. D'iarr an sean-fhear ar an mac é chur síos fá'n urlár agus nár bhféidir leaoinne é fhághail. Rinne an mac amhlaidh. Bhí daoine ar a thóir ag an righach níor bhféidir leo é fhághail. Dubhairt fear feas an ríogh leis an mac a charaid, a mámhaid agus bréagán a thighe a thabhairt go dtí an chúirt. Ní raibh fhios ag an mac céard iad sin ach casadh fear dó agus dubhairt sé leis gur bé a chapall, a charaid, gur bí a bhean a námhaid agus an mhalrac bréagán a tighe. Chuaidh an mac chuig an gcúirt agus thug leis na rudaí seo. Leag sé a lámh ar a chapall agus dubhairt "sin é mo charaid," ar an malrach agus dubhairt "sin é bréagán mo tighe" agus ar a bhean agus dubhairt "sin í mo charaid". Tháinig fearg ar an mnaoí agus dubhairt tuige an dtiubharfá námhaid orm-sa agus t-athair thíos sa sileár agat le deich mbliadhna agus gan mé 'á innseacht". Bhí fhios annsin cá raibh an sean-fhear bhí sé le dhóghadh lá ar na bhárach.
Bhí go leor daoine le bheith cruinniighthe ag an teine agus h-iarrffaidhe ar gach duine sgéal an innseacht. Ar a bhealach do'n mhac casadh fear air a dubhairt nach raibh aon sgéal aige. Dubhairt an mac leis "abair nach bhfuil aon sgéal agat ach go bhfuil mise ioctha agat le sgéal innseacht i d'áit." Thárla gach rud i gceart ná gur h-iarradh ar an bhfear seo a sgéal innseacht. Dubhairt sé nach raibh aon cheann aige ach go raibh fear íoctha(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway