School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 414
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar mac aige.”
(continued from previous page)aici. Dubhairt sé leis an ngaduidhach iad a ghoid. Rinne seisean amhlaidh. Chuir an foghlaéridhe urchar ionntas agus chuir an tinceár na blaosgaí le chéile arís. Bhí duine saidhbhir ‘san áit a raibh a inghean imthighthe ag éan an-fhiadháin agus do dtubharfaidhe le pósadh í le do’n té gheobhfadh í. D’airigh cluas le h-éisteacht ag caoineadh í ar oileán sa bhfarriage. Ghoid an gaduidhe í. Mharbhuigh an foghlaeridh an t-éan. Chuir an tincéar an méid dá cnámha a bhí fághta le chéile agus thugadar abhaile í. Ní raibh fhios cé dó a dtiubharfaidhe í mar bhí gach duine ag rádh go ndeárna sé féin an oiread ar a son leis an duine eile. Sa deireadh socruigheadh í thabhairt do “chluas le n-éisteacht”. Ní raibh athair an chailín sásta cead a thabhairt dí é phósadh go bhfeiceadh sé ce’n sort duine é a athair. Cuireadh teachtaire chuige agus nuair a tháinig sé go dtí an teach bhí sé beagnach tuitthe. Ní raibh aon mhaith leis an troscán ná le tada sa teach. Bhí fear an tighe I n-a shuidhe ag an teine as róstadh fataí agus á n-ithe ar a glúinibh, gan scain ná gabhlóg ach a mhéaracha. Nuair a bhí na fataí ithte aige ghlan sé a lámhaí le sup tuigheadh agus chaith isteach ‘san teine é. Rith an teachtaire ar ais agus dubhairt gur bé an fear is fearr a chonaic sé ‘riamh. Cuireadh an dara teachtaire chuige agus mhol seisean é níos mó ná an chéad duine. Pósadh “cluas le h-éistreacht” agus an cailín agus bhí saoghal maidh aca uaidh sin amach.- Collector
- Áine Ní Sheóighe
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Driseachán, Co. Galway