School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 413
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí bean ann fadó agus bhí cat dubh aicí.”
(continued from previous page)agam". Thosuigh an sagart ag guidhe agus chaith sé an cat isteach a seomra agus dubhairt leí gan an doras fhosgailt go dtagadh sé féin arís. Tháinig sé an céad lá eile agus thosuigh ag guidhe arís agus chuaidh an cat amach an doras mar splanc teineadh.Scéal
“Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar mac aige.”
Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar mac aige. Nuair a bhíodar bliadhain agus fiche dubhairt gach duine go ngabhfaidís ag foghlain ceirde. D’imthigheadar go dtángadar go dtí cros bhóthar. Chuaigh duine soir, duine siar, duine ó thuaidh duine ó dheas. Casadh fear ar an gcéad mhac agus ‘dfhiafruigh sé de cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag dul ag fóghluim a cheirde. “Múinfead sa foghlaéreacht dhuit arsa na fear”. “Táim sása” arsa an mac. Casadh fear lein an dara mac a mhúin gadhuidheacht dó. Casadh fear leis an tríomhadh mac a mhúin tincéaracht dó agus casadh fear ar an geathramadh mac a mhúin dó le h-éisteacht le gach rud a bhéadh ar siubhal sa domhan. I gceann bliadhna casadh an ceathrar mac ag an gcros-bóthar. Chuadar abhaile agus d’innsigheadar dá n-athair na ceardann a bhí fóghluimthe aca. Dubhairt sé leo go raibh éan I gcranni n-aice an tigh agus go raibh ceithre h-uibhe aicí I ‘n-a nead. D’iarr sé ar chluas le h-éisteacht fios fhághail céard a bhí sí a rádh. Chuir seisean leac le n-a chluais agus dubhairt go raibh sí ag rádh go raibh ceithre h-uibhe(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Sheóighe
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Driseachán, Co. Galway