School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 413

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 413

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 413
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí bean ann fadó agus bhí cat dubh aicí.

    (continued from previous page)
    agam". Thosuigh an sagart ag guidhe agus chaith sé an cat isteach a seomra agus dubhairt leí gan an doras fhosgailt go dtagadh sé féin arís. Tháinig sé an céad lá eile agus thosuigh ag guidhe arís agus chuaidh an cat amach an doras mar splanc teineadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar mac aige.

    Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar mac aige. Nuair a bhíodar bliadhain agus fiche dubhairt gach duine go ngabhfaidís ag foghlain ceirde. D’imthigheadar go dtángadar go dtí cros bhóthar. Chuaigh duine soir, duine siar, duine ó thuaidh duine ó dheas. Casadh fear ar an gcéad mhac agus ‘dfhiafruigh sé de cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag dul ag fóghluim a cheirde. “Múinfead sa foghlaéreacht dhuit arsa na fear”. “Táim sása” arsa an mac. Casadh fear lein an dara mac a mhúin gadhuidheacht dó. Casadh fear leis an tríomhadh mac a mhúin tincéaracht dó agus casadh fear ar an geathramadh mac a mhúin dó le h-éisteacht le gach rud a bhéadh ar siubhal sa domhan. I gceann bliadhna casadh an ceathrar mac ag an gcros-bóthar. Chuadar abhaile agus d’innsigheadar dá n-athair na ceardann a bhí fóghluimthe aca. Dubhairt sé leo go raibh éan I gcranni n-aice an tigh agus go raibh ceithre h-uibhe aicí I ‘n-a nead. D’iarr sé ar chluas le h-éisteacht fios fhághail céard a bhí sí a rádh. Chuir seisean leac le n-a chluais agus dubhairt go raibh sí ag rádh go raibh ceithre h-uibhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    AT0654: The Three Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Sheóighe
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Driseachán, Co. Galway