School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 410
- XML “An Cailín Leisciúil”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach agus ní raibh fhios aici céard a b’fhearr dí a dhéanamh. Tháinig bean mhór chuicí agus dubhairt sí go ndéanfadh sí dí é dá dtugadh sí an bhainfheis dí. Chárdáil sí dí é agus cheap an duine uasal agus a mhuinntear gur bí féin a rinne é. Phós sí féin agus an duine uasal agus bhí saoghal maith aca i n-a dhiaidh sin.
Scéal
“Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé ar aimsir.”
Bhí fear an fadó agus chuaidh sé ar aimsir. D’fhág sé a mhac agus a bhean sa mbaile. Bhí air achar áirithe a chaitheamh ar aimsir sula bhféadfadh sé theacht abhaile. Nuair a bhí na bliadhanta caithe réidtigh sé le theacht abhaile. Sula dtáinig sé, d’fhiafruigh bean an tighe de cé b’fhearr leias tuarastal nó trí chómhairle mhaith agus dubhairt sé na cómhairlí. Rinne sí dá cháca dubhairt leis ceann a ithe ar an mbealach agus ceann eile thabhairt abhaile. Thug sí dó na thrí chomhairle annsin. Dubhairt sí leis gan dul I n-aithgiorra go bráth, gan fanacht I dteach a mbeadh bean óg pósta ag sean-fhear, agus nuair a bheadh fearg air suigh síos agus a phíopa a chaitheadh. D’imigh sé agus ba gheárr gur casadh fear dó. Tháinig siad go dtí bearna agus dubhairt an fear go rachadh sé féin isteach anseo mar go raibh aithgiorra mór ann. Chuir an fear a bhí ar aimsir a chos ‘san mbearna le dhul(continues on next page)