School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 405

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 405

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 405
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí bean ann fadó agus bhí an-dúil 'san airgead aicí.

    (continued from previous page)
    Lá amháin tháinig an bás uirthi agus dubhairt sí le n-a mac an t-airgerad a chur síos sa gcónra léi. Nuair a bhí sí curtha agus gach rud socair dubhairt beirt fear a bhí ar an mbaile gcaithfidís an t-airgead fhághail. An oidhce sin chuaidh sias chuigan teampall agus thosuih ag tóruighheacht nuair an airgid. Ní rabhadar i bhfad ag tóruigheacht nuair a fuaireadar piléar craithe agus dubhairt duine aca gur bé an mac a rinne é sinagus nár chuir sé an t-airgead síos in aon chor. "Ní rachad abhaile anocht go mbéidhrud éigin agam uaidh. Goidfidh mé caorauaidh ars an fear eile ach dubhairt an chéad fear nach rachadh sé féin i n-Einfheacht leis. D'imthigh sé annsin agus d'fhan an fear eilesa reampall as fanacht leis. An fhaid is bhí sé amuighbhí an fear ag ithe na gcnath agus ag déanamh torainn mór. Chuala fear a bhíag dul an bóthar an torann. Tháinig faitchíos air agus chuaidh sé isteach sa gcéad teach a casadh dó agus dubhairt go raibh torann mór thoir sa teampall. Bhí faitchíos ar gach duine dhul amach, ach dubhairt bean an tighe dá mbeadh an siubhal aicíféin go rachfadh sí agus dubhairt an buachaill aimsire go dtuibhradh sé ann í. Chuir sé ar a druim í agus d'imthigh leis. Nuair a bhí sé ag dul isteach ar an teampall shíl and fear istigh gur bé a charraid a bhí ann agus dubhairt "bhfuil sí reamar"? Scannruigh an buachaill, chaith an bhean uaidh agus rith abhaile ach bhí sí sa mbaile roimhe mar, "nuair is cruaidh do'n chailligh caithfidh sí rith."
    Liam Ó h-Allmhuráin, Gleanntréig, Co na Gaillimhe
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó hAllmhuráin
    Gender
    Male
    Address
    Gleann Tréig, Co. Galway