School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 403
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéalta (continued)
“Bhí fear ann fadó agus bhí ahair an-naomhtha agus máthair an-droch-mhúinte aige.”
(continued from previous page)an geata uaidh féin agus chuaidh an mac isteach. Annsin chonnaic sé geata eile píosa isteach uaidh agus bhí an geata sin go h-an deas ar fad. Nuair a thainig sé chomh fada leis an ngeata sin d'osgail sé agus nuair a chuaigh an mac isteach chonnaic sé a athair taobh istigh. Chuir an bheirt fáilte roimh a cheile agus annsin d'fhiafraigh an mac de gach rún a bhí ag teastáil uaidh. D'innis an t-athair dhó gur bhí a mháthair an phéist a bhí thíos san abhainn. bhí an-eagla ar an mac annsin agus d'fhiafraigh sé céard a shaorfadh í agus dubhairt an t-athair leis gur rud é nach raibh sé i n-ann a dhéanamh sé sin trí thuras thart ar an domhan agus é bheith ag siubhal ar a ghlúiní. Ar an bpoinnte sin chaith sé é fein ar a ghlúiní agus dubhairt nach stopfadh sé coidhche go saorfadh sé a mháthair. Ar an bpoinnte sin tháinig an mháthair le n-a thaobh mar gur thoiligh sé í thabhairt slán. Annsin d'fhiafraigh sé tuige a raibh an bháisteach anuas 'sa teach a raibh sé istigh ann. Dubhairt an t-athair leis an chéad chóta a chuir sé air gur é ghoid ó bhaintreabhaigh a rinne sé. 'Agus tuige' arsa an mac cinnt ar na gréasuidhthe cúl dhá pingin a chur le chéile?' 'Mar bionn siad ag obair ró-mhall 'san oidhche Dia Sathairn'. 'agus tuige nach bhfuil an bhean óg sin atá an-t-saidhbhir ag pósadh?' 'Mar is tusa an fear a phósfas sí', ars an t-athair. D'fhág an mac slan ag an mbairt annsin agus thug a aghaidh abhaile. D'innis sé do gach duine a chuir teachtaireacht leis an rud a bhí ag cur as dóibh agus dubhairt gach duine gur bhfíor dhó. Phós sé an bhean álainn shaidhbhir agus bhí saoghal deas aige i n-a dhiaidh sin.
Liam Ó h-Allmhuráin, Gleanntréig, Co. na Gaillimhe. Aois 16 bl.- Collector
- Liam Ó hAllmhuráin
- Gender
- Male
- Age
- 16
- Address
- Gleann Tréig, Co. Galway