School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 402

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 402

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 402
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéalta (continued)

    Bhí fear ann fadó agus bhí ahair an-naomhtha agus máthair an-droch-mhúinte aige.

    (continued from previous page)
    chéile ariamh agus gur mhaith leó dá mbéadh fhios aca cé'n fáth. Dubhairt fear aca leis nuair a bhéadh sé ag teacht thar n-ais teacht an bealach seo agus é innseacht dóibh.
    An chéad lá eile bhí sé ar an mbóthar go moch agus bhí sé ag siubhal go raibh an lá caithte. Casadh isteach i dteach eile é agus nuair a bhí an suipéar caithte aca d'innis sé dóibh cá raibh a thriall. D'fhiafruigh siad de an ndéanfadh sé teachtaireacht dóibh agus dubhairt seisean go ndéanfadh. Annsin dubhairt bean an tighe leis go raibh inghean aca agus gurbh an t-slacthmhar an cailín í agus nach raibh duine sa teach a b'fheárr ná í, gur dí a bhí an teach agus an saidhbhreas ar fad ag dul agus fios fhághail tuige nach raibh sí ag pósadh. "Tá go maith," ar seisean.
    An chéad mhaidin eile bhí sé ar an mbóthar go moch agus chuaidh fear an tighe cuid de'n bhealach leis. Dubhairt sé leis go raibh abhainn annsin thíos agus gan dul thairtí mar go raibh péist mhór inntí agus nach ndeachaidh aon duine ariamh treasna na h-aibhne nach marbhóchadh an phéist sin. Nuair a bhí an fear imthighthe abhaile dubhairt an buachaill leis féin go rachadh sé treasna na h-aibhne. Mar sin féin bhí eagla air agus fuair sé trí phíosa ádhmaid agus nuair a bhí sé ar bhruach na h-aibhne chonnaic sé an phéist mhóir ag teacht ins an uisge. Chaith sé ceann de na píosaí ádhmaid chuicí. Annsin d'imthigh sí píosa beag uaidh agus nuair a bhí sé i lár na h-aibhne tháinig sí arís. Chaith sé píosa eile chuicí agus nuair a bhí sé ag dul isteach ar an taoibh eile chaith sé an tríomha píosa chuicí. D'imthigh lis annsin agus ní raibh sé i bhfad a siubhal nuair a tháinig sé go geata áluinn. Shiubhail sé suas go dtí an geata agus nuair a bhí sé i ngar dó d'osgail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó hAllmhuráin
    Gender
    Male
    Age
    16
    Address
    Gleann Tréig, Co. Galway