School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 401

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 401
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéalta

    Bhí fear ann fadó agus bhí ahair an-naomhtha agus máthair an-droch-mhúinte aige.

    Bhí fear ann fadó agus bhí athair an-naomhtha agus máthair an-droch-mhúinte aige. Nuair a cailleadh an t-athair bhí lá a churtha an-gharbh agus is ar éigin a b'fhéidir leó é a chur i n-aon chor. Nuair a cailleadh an mháthair bhí na laethe go h-an-bhreágh agus an grian ag sgalladh go soilseach. Nuair a bhíodar beirt curtha ag an mac dubhairt sé leis féin go gcaithfead sé ughdar fhághail cé'n fáth a raibh lá breágh ag a mháthair agus chomh dona is bhí sí agus lá garbh ag a athair agus chomh maith is bhí sé.
    Lá amháin d'imthigh sé leis agus nuair a bhí an oidhche ag teacht chuaidh sé isteach a dteach leis an oidhche a chaitheamh ann. Bhí fáilte mhór sa teach sin roimhe agus nuair a bhí siad sgathamh ag cainnt ar an saoghal d'fhiafruigh siad de cá raibh sé ag dul agus d'innis sé dóibh.
    "Muise," adeir siad, "ó thárla go bhfuil tú ag dul an bealach cuir bun cé'n fáth a bhfuil báisteach anuas i gcómhnuidhe sa teach seo 'réis go bhfuil seacht gcóta tuigheadh curtha againn air."
    "Tá go maith," arsa an buachaill.
    Nuair a tháinig an mhaidean bhí sé i n-a shuidhe go moch agus d'imthigh leis arís. Nuair a bhí an oidhche ag teacht chuaidh sé isteach a dteach eile agus bhí fáilte roimhe. Nuair a d'innis sé dóibh cá raibh a thriall dubhairt siad leis gur gréasuidhthe a bhí ionnta agus go raibh siad ag obair go cruaidh ó Luan go Satharn agus gur cinn ortha cúl dhá pingin a chur le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó hAllmhuráin
    Gender
    Male
    Age
    16
    Address
    Gleann Tréig, Co. Galway