School: Coill Maolacáin (roll number 12644)

Location:
Béal Átha na mBreac, Co. Galway
Teacher:
Anna M. Ní Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 300

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 300

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Maolacáin
  2. XML Page 300
  3. XML “Caoi a Cruthaíodh an Chéad Chat”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá bhí Mac Dé agus A Mháthair lag agus tuirseach ag siubhal, chuaidheadar thar teach in a raibh glaicín cruithneachta ghá cháitheadh ann. Chuaidh an Mhaighdean Mhuire isteach agus d'iarr sí déirc acht d'eiteac bean an tighe í "Teigh isteach" arsa Mac Dé "agus iarr an deirc uirrí i n-ainm Dé." Chuaidh sí agus d'eiteac an bhean arís í. "Teigh isteac arís" arsa a Mhac "iarr uirrí cead do lámh a cur i mbuicead uisge agus an méid cruithneacht a ghreamuigheas air a thabhairt leat". Chuaidh sí agus thug an méad sin dí. Nuair a thainig sí amach, dubhairt Sé "Ná leig aon gráinín de amúgha, mar is fiú mórán é."
    D'imthigheadar ann. Nuair a bhiodar sgatamh beag dhearcadar siar agus chonnaiceadar go leór dheamhain ag deanamh ar an teac, sgannradh an Maighdean Mhuire go ndeanfadh siad díoghbhail ar an mnaoi, acht labhair Iosa agus dubhairt "Ná bíodh imnidhe ort ní féidir leó docair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Ánna M. Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir