Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)
- Suíomh:
- Béal Átha na mBreac, Co. Galway
- Múinteoir: Anna M. Ní Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Maolacáin
- XML Leathanach 274
- XML “Achadh Cabhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Márta 29ádh 1938.Achaidh Cabhair.Bhí Éire lán le nathraca nimhe fadó acht cuir Naomh Pádhraic faitchíos ortha agus bhiodh siad ag rith uaidh.
Lá a bhí Pádhraic Naomhtha agus a chára Fintin ar a mbealac go dtí an Chruach. Bhí Fintin scathamh beag roimh Pádhraic agus bhí na nathraca go tuigh ar gach taobh de agus mharbhuigheadar é.
Nuair chonnaic Naomh Pádhraic a chára dhilis marbh. Bhí sé an-bhronach mar bhí an-grádh aige air agus thoisigh sé ag guidhe, chomh luadh agus abhí a pháidir ráidhte d’éirigh Fintin suas beó agus slán is bhí sé ariamh. Annsin chuaidh an beirt aca ar a glunaibh agus thugadar moladh agus buidheachas do Dhia. Dubhairt Naomh Pádhraic go ndeanfadh sé cill ins an áit i n-onóir an cabhair mór do thug Dia dhó agus glaoidh sé Acaidh Cabhair ar an áit agus tá an t-ainm ar an áit ó shoin.
Rinne sé an cill ann, nuair léigh sé a chéad Aifreann ann chuaidh sé suas an Chruach agus dhibir sé na nathracha uilig as Éirinn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna M. Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)