School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 247
- XML “Fear na Stocaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ‘na chómhnaidhe i nDuithche Sheoigheach uair amháin agus bhíodh a mháthair go minic ag déanamh stocaí. Thárla nach raibh aon díol ar na stocaí sa tír seo an uair údán agus b’éigin dul dul go Longphurt d’á ndíol. D’imthigh leis agus dhíol sé na stocaí is fuair deich fichead ar gach péire aca (bhí stocaí an daor an uair sin) agus bhí sé ag tigheacht leis abhaile go sóghach sásta.
Nuair a tháinig deireadh an lae ní raibh áit ar bith aige le dul i chodhladh acht fé dheireadh thiar thall chuaidh sé isteach i sean sgioból. Rinne sé sopachán dhó féin agus bhí ar tighe dul a chodhladh nuair chualaidh sé torann lasmuigh. D’eist sé agus níorbh fhada go dtáinig isteach chuige beirt fhear. Gaduithe a bhí ionnta ag tigheacht leis na beithidhigh a ghoid. “Bhearimís an bulán breac” arsa duine aca. “Ní headh, a dhiabhail adeir an fear eile tugaimís an ceann eile”. Acht chun dá fhocal a chur in aon fhocal amáin b’é an bulán breac a thug siad chun bhealaigh.
“Bhail” adeir an Seoighach, nuair a bhí siad bailighte “Tá sé chómh maith agamsa maide a ghearradh freisin”. Faitchíos a bhí air go gcuirfí an gadaidheacht in a leith agus d’imthigh sé leis. Bhí sé ag imtheacht leis acht fairíor ní raibh teach nó árus le feiceál uaidh. Ar deireadh chonnaic sé solus ag bun na spéire agus tharraing sé air. Cé bheadh ánn(continues on next page)- Collector
- Seán Mac An Ríogh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máirtín Ó Choidhin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Dúleitir, Co. Mayo