School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 245
  3. XML “An Gearrán Bán”
  4. XML “An Gabha agus an Fathach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá Sorcha sa seimhiú rang. Chualaidh sí an sgéal seo ó Mháire Bean Uí Bhriain 80 bliain. Sgríobhadh an sgéal seo ar an 31-X-’36.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Oidhche amháin bhí an gabha ag obair an mhall sa ceardchan nuair d’airigh sé rud éigin ag tigheacht. Tháinig sé isteach chuige sa gceardchan agus séard a bhí ann fathach. Dubhairt an fathach leis an bhfear go marbhóchadh sé é. D’iarr an fear air gan é do mharbhú is go bhfágfhadh sé a phíopa sa cheárdchan agus go gcuirfeadh sé a inghean ar a thóir nuair a rachfadh sé abhaile.
    Dubhairt an fathach go raibh sé sásta agus d’imthigh an fear leis abhaile agus chómh luath is chuaidh sé abhaile dubhairt sé leis an inghean go ndeárna sé dearmad ar a phíopa. Bhí uirthí dul píosa mór agus bhí an oidhche an dubh.
    D’imthigh sí léithe agus d’imthigh nó gur casadh fear léithe. D’iarr sé díthe cá raibh sí ag dul agus d’innis sí dhó (é). sgéal. “Fan annsin thusa” a deir sé leithe “agus gabhfaidh mise ar an thóir dhuit” “Fanfaidh mé” a deir an cailín. D’fan sí agus d’imthigh leis an bhfear. Chuaidh sé isteach san gceárdchan. Bhí an fathach in a shuidhe go deas dhó féin sa gceardchan. Bhí claidheamh ag an bhfear seo in a phóca agus ní dhearna sé acht breith ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0431: The House in the Wood
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
    Collector
    Seán Mac An Ríogh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir