School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 221
  3. XML “Landlord an Chaisleáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dubhairt an sean fhear leis é iompchair agus é a fhágail in a leitheid seo de theach. Nuair a chuaidh sé go dtí an teach seo dubhairt sé nach dtéigheadh sé isteach ann go raibh an t-uisce coisrithe dá chaitheamh ann. "Tabhair go dtí a leitheid seo de theach mé adeir sé" agus thug. Bhí an paidrín páirteach páirteach [!] dá rádh ann agus ní raibh aon ghlacadh leis ann. Chuaidh sé go dtí an tríomhadh teach agus bhí fear a' tighe agus bean a' tighe ag troid "Sin é mo theachsa" adeir sí.
    Tharraing sí amach píosa páipéir agus tharraing sé ar a bpáipéar go mbeadh mac óg ag an mnaoi sin trí ráithche ón oidhche sin. Dorduig sé do'n buachaill dul leis, an páiste a thabhairt leis agus aire maith a thabhairt dhó agus dubhairt sé go gcaillfidhe an mháthair freisin. Bhí sé sgríobhtha ar an bpáipéar go dtiocfadh sé amach in a shagart an gasúr seo, agus an chéad aifreann a léighfeadh sé, an tuisce coisrithe a bheannóchadh sé agus an méid a shroicfeadh an t-uisce coisrithe sin agus go mbeadh sé fein ag an diabhal.
    D'fill an buachaill abhaile agus thug sé an paidrín go dtí a athair. "Nach fada amuigh tú" adeir an t-athair. "Ó níl neart agam air" adeir an buachaill "casadh sean-fhear liom ar leath-taobh an bhóthair".
    Lá ar na bhárach annsin dubhairt sé leis féin go n-imtheóchadh sé roimhe go gcuirfeadh rud eigín faitchíos air. Tháinic sé go dtí páirc, annsin agus bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlin de Búrca
    Gender
    Female