School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 187
  3. XML “An Gadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Gaduidhe
    Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Seán. Bhí Seán in a ghaduidhe mór agus bhí sé ag goid chuile shór a casfaidhe leis. Bhí sé in a bhuachaill aimsire ag sagart agus gach uair dá ngoidfeadh sé aon nidh thugadh an sagart párdún dó. Bhí sé mar sin ar feadh i bhfad. Acht lá amháin bhí an sagart imthighthe ón dteach agus ní raibh duine ar bith ann acht an buachaill. Bhí muc ag an sagart agus sé an t-ainm a bhí ar an muc "Párdún". Thosuigh an buachaill ag smaointiú dó féin agus chuimhnigh sé ar féin gur maith an ceart dó dul abhaile agus an mhuc Párdún a thabhairt leis. Rug sé ar an muc agus as go bráth leis agus párdún aige.
    Níor stad sé ná níor staon sé nó go dtáinig sé go dtí a theach féin. Nuair a tháinig sé abhaile mharbhuigh sé an mhuc agus chroch suas í. Bhí fhios aige go maith go mbeadh an sagart agus na gárdaí ar a thóir.
    Nuair chuaidh an sagart abhaile ní raibh Seán ná an mhuc le fághail, chuimhnigh sé go maith an cleas a bhí déanta air. Chuaidh sé ag na gárdaí agus d'innis a sgéal dóibh. D'imthigh siad leó ag tóraidheacht na muice. Chonnaic Seán ag teacht iad agus chuir sé an mhuc i bhfolach agus leag a mháthair sa choirnéal agus chuaidh sé amach ar an sráid ag caoineadh agus ag bualadh bos agus ag rádh "A Mham ó a Mham í"
    "Níor ghoid sé sin aon mhuc", ar siad sin leo féin. Chaith siad an lá sin ag lorg na muice acht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Seoighe
    Gender
    Male
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway