School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 144

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 144

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 144
  3. XML “An Driotháir Bocht agus an Driotháir Saibhir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Driothár Bocht Agus An Drioathar Saidhbhir
    Bhí driothar bocht agus driothár saidhbhir agus sagart ann uair amháin. Bhíodh an driothár bocht ag dul chuig an driothár saidhbhir agus chuig an sagart ag iarraidh déirce i gcómhnuidhe agus thiubharfadh siad dhó é go dtí sa deireadh tháinig siad tuirseach dhó.
    Aon lá amháin casadh an triúr aca le chéile ag cros-bhothar. Dubhairt an sagart leobh imhtheacht leobh. Bhí trí bhothair ann. D'imthigh an drioathar bocht leis in a bhóthar féin agus an driothar saidhbhir in a bhothar féin agus an sagart sa mbóthar eile. Dubhairt an sagart leo sul ar imthigh siad go gcaithfeadh an chéad duine a bheadh ann lá 'na dhiaidh fanacht leis an gcéad duine eile agus go gcaithfeadh an bheirt sin fanacht leis an duine eile.
    Maidin lae 'na bhárach tháinig an drioathar bocht. Annsin tháinig an drioathar saidhbhir agus annsin tháinig an sagart. D'fhiafruig[h] an sagart de'n drioathar bocht cén chaoi a chaith sé an oidhche. Dubhairt an drioathar bocht leis nach raibh a leitheid d'oidhche aige riamh, go raibh beirt chailín ag freastal air. "O" ars an sagart "An bhfuil fhios agat cé hiad na cailíní sin - is iad an bheirt drishiuir iad".
    Ansin d' fhiafruigh sé de'n drioathar saidhbhir cé an chaoi a chaith sé an oidhche. Dubhairt an drioathar saidhbhir leis go mbé an obair a bhí aige gach duilbhear a' castaoi dhó go gcuirfeadh sé in a phóca é. "Feach" ars an sagart "Cé mhéad duilbhear agat anois"? agus sé an méid a bhí aige trí cinn. Bhíodh an dreoathar saidhbhir seo ag dul ag an aifrinn gach Domhnach agus sé an méid aifreann a bhí aige igceart trí cinn.
    "O" ars a' sagart "chuaidh mise trí gádh mór. "Bhí mé ag siubhal an bothar agus casadh beithidheach mór fiadán dhom agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máighread Ní Bhúrca
    Gender
    Female
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway
    Informant
    Liam De Búrca
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    90
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway