School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 112
  3. XML “An tÉan Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An tÉan Draoidheachta
    Cuaidh ceathrar fear uair amháin go Cathair na Mart ag díol olna. Dhíoladar an olann gan mórán moille ach mo léan nuair a bhí sin déanta thugadar a naghaidh ar teach an ósda. D'fanadar annsin go raibh an oidhche ag teacht agus nuair chuadar amach ní raibh fhíos aca cá rachaidís acht mar sin féin rinne triúr aca a mbealach go maith agus bhaineadar an baile amach. Chuaidh an fear bocht eile amugha agus ní raibh fhíos aige ó Dhia anuas cá dtabharfadh sé a aghaidh.
    Faoi dheire chasadh ar shean chasán é. Congbhuigh sé an casán sin direach ar feadh i bhfad agus nuair a bhí sé tuirseach de'n tsiubhalóid dubhairt sé leis féin go leigfeadh sé a sgíth. Bhí go maith agus shuidhe sé síos. Bhí sé an dorcha agus ní raibh aon nidh le feiceál thart timcheall, acht i bhfad uaidh ar an tsean chasán bhí solus breagh le feiceal.
    Cheap sé go mbfearr déanamh air agus d'eirigh sé chun dul 'un siubhal aríst, nuair chonnaic sé rud bán eigín tamaillín beag amach roimhe ar thaobh an chasáin. Rinne sé air agus céard a bhead ann acht sean chapall bán le fear eigínt a bí caillte. Bhí sgata éanacha istigh in a bolg á hithe agus nuair d'airigh na héanacha an fear, thosuigheadar ag imtheacht ins gach áird agus ar eitilt dóibh amach rug an fear ar cheann aca agus sháith in a phóca é agus bhuail bóthar faoi déin an tsoluis.
    Faoi dheire shroich sé an solus, Teach a bhí ann agus buail sé an doras. Tháinig bean a' tighe amach agus d'iarr seisean lóistín na hoidhche uirthí. Dubhairt sí go raibh fear a' tighe imthighthe chuig an aonach agus nach raibh fhios aicí. Dubhairt seisean gur chuma leis bheith in a shuidhe ar an teallach ar feadh na hoidhche. Dubhairt sí annsin gur chuma leithe.
    Bhí sean fhear feasógach istigh a bhí mór leí sí agus sul ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Seóighe
    Gender
    Female
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway