School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 101
  3. XML “Maighdean Mara na Mara Duibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí in Éirinn fadó is ní raibh aige acht aon mhac amháin. Bhí an-dúil ag an mac in iasgaireacht agus bhíodh sé chuile lá amuigh ar an bhfairrge agus bád beag iascaigh aige. Bhíodh an-imnidhe ag a athair dhó le faitchios go mbaithfidhe é, acht mar sin féin ní comhairligheadh sin é. Nuair bhí sé dhá bhliain deag cheannuigh a athair corrachan dó agus bhíodh sé amuigh ar an bhfairrge ó gealadh lae go ndubhfadh oidhche. Lá dá raibh sé amuigh ar an bhfairrge agus é i bhfad ó bhaile tháinig stoirm air. Bhí an corrachán dá seoladh ó thuinn go tuinn. Chonnaic sé tamall uaidh maighdean mhara agus í na suidhe ar charraig. Bhí cíor óir agus sgáthan airgid aicí agus í ag cíoradh a fuilt fhada bhuidhe. Bhí an ghaoth ag seoladh an bháidín ó thuinn go tonn agus ó charraig go carraig gur bualadh an curraicín faoin gcarraig in a raibh an mhaighdean ina suidhe “Cé hé tusa no céard thug annseó thú” ar sise. “Mise mac riogh Éireann - tháinig stoirm orm indiu agus thiomáin an ghaoth go dtí an áit seo mé agus níl fhios agam ó thalamh an domhain cá bhfuil mé”. Is cuma dhuit cá bhfuil tú acht siubhal leat liomsa agus tiubharfaidh mé lóisdín na hoidhche go maith duit. Ní rinne sí acht an tslaitín draoidheachta a tharraingt as a brollach, buille a bhualadh ar an gcorraicín agus slám feamaine a dhéanamh de ar an gcarraig. “Fanfaidh an fheamain sin go dtagaidh tú ar ais cé brigh acair é” ar sise. Ní rinneadh sí acht buille a bhualadh air féin agus bradan mór a dhéanamh de. “Tá sé in am bheith ag imtheacht” ar sise agus shnámh siad taoibh le taoibh ón gcloich. Bhí siad ag imtheacht agus ag imtheacht agus ag síor imtheacht faoi uisge, ós cionn uisge agus eadar dá uisge nó gur cheap mac an ríogh bheith ag deireadh an domhain. Ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Breathnach
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cnoc na Fuaiche, Co. Galway
    Informant
    Seán Breathnach
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cnoc na Fuaiche, Co. Galway