School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear bocht ina chómhnaidhe i gConamara fadó. Ní raibh ins an teach acht é féin agus mháthair. Oidhche amháin bhí brionglóid aige go raibh pota óir faoi dhroichead Luimnígh. Do mhair an bhrionglóid dhó ar feadh trí oidhche. An ceathramhadh maidin d'imthígh sé leis nó go dtáinig sé go dtí an droichead. Shiúbhail sé an droichead sóir agus síar faoi agus ós a chíonn. D'fhan sé ag siúbhal mar sin ar feadh seachtmhaine. Do bhí táilliúr ina chómhnaidhe inaice leis an droichead. Núair a chonnaic sé an fear ag siúbhal tháinig sé amach go bhfeicfheadh cé a bhí ann. Núair a chonnaic sé d'fhíafruigh sé dhó céard a bhí sé a dhéanamh. Ó muise brion-glóide a bhí agam go raibh pota óir faoin droichead seo. Ó muise nach tú an tamadán ag tabhairt géilleadh de brionglóide mar sin.
Sílimse gur thíar ag do(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Flaithbheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Gleann Mór, Co. Galway