School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bhainrioghan leithe nó go dtáinig sí go dtí an chéad teach ar fhága sé an buidéal uisge. Nuair a tháinig an bhainríoghan isteach chonnaic sí an buidéal uisge ar an mbord. "Cá bhfuair síbh an buidéal sin" ar sise. "Duine uasal a bhí a dul thárt a thug dúinne é" ar síad-san. "Is liomsa é sin" ars sise. "Ní leat" ar síadsan. "Cé is feárr leat é a choinghbeál ná clochar a dhéanamh go dtí do theach" ar sise. Annsin thug síad an buidéal dhí agus dimthígh sí léithí. Dimthíg sí léithí go dtí an teach ar fhág sé an claidheamh Núair a chuaidh sí isteach chonnaic sí an claidheamh crochta ar an mballa. "Cá bhfuair sibh an claidheamh sin" ar sise. "Duine úasal a bhí ag dul thárt annsin a thug dúinn é" ar síadsan. "Is liom-sa é sin" ar sise. "Ní leat" ar sise. "Cé is feárr leat é a thabhairt ná clochar a dhéanamh go do theach" ars sise. Thug síad di an claidheamh agus dimthigh sí leithí nó go dtáinig sí go dtí an teach ar fhág sé an builín ann. Núair a(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Flaithbheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Gleann Mór, Co. Galway