School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá dúil mór san snaoisín agat, a dubhairt an sean fhear liath. "Ní bhéinn beo gan é" a deir fear Conamara. Béarfaidh mise bósca duit anois. Dubhairt an seann fhear liath, "acht ná tabair an bosca dúnta do dhuine ar bith go deo." Bhí fear Conamara an bhuidheach dó annsin agus dimtigh leis abhaile, agus ní raibh easba snaoisín air níos fuide. Bliadhain na dhiaidh shin tháinig duine uasail chuige. Thosuigh siad ag cainnt. "Ní bheadh pinnse snaoisín agat a dubhairt an duine uasail, "rinne mé dearmad ar mo bosca thabhairt liom." Thóg an fear an bosca as a phóca agus thug sé do é agus níor oscail sé é. Nuair a dfhéac an duine (an duine) uasail isteach san mbosca ní raibh gráine ann bhbí sé follamh. Bhí aithmhéal air annsin nár chuimhnigh sé ar an gcómhairle a thug an sean fhear liath dó.
- Collector
- Cáit Ní Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Gleann Mór, Co. Galway