School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Location:
An Cheathrú Rua, Co. Galway
Teacher:
N., Bean Uí Cholchúin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Page 255
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tsnaoisín ag fear an tsiopa. Chuaidh sé go dtí siopa eile annsin leis an snaoisín fhághail acht ní raibh aon tsaoisín ag fear an dara siopa acht an oiread. D'imthigh sé leis go Gaillimh annsin le é fhághail. Chuartuigh sé gach siopa ann acht ní raibh aon tsnaoisín in aon tsiopa aca. Dubhairt siopadóir leis go raibh ceannuidhe mála i dTuaim, agus go raibh go leór snaoisín aige. Chuaidh sé go Tuaim annsin ar thóir an t-snaoisín acht nuair chuaidh (a chuaidh) sé go Tuaim, bhí an ceannuidhe imtighthe go h-Athluain. Dimthig sé leis go h-Athluain annsin, acht nuair chuaidh sé go h-Áthluain bhí an ceannuidhe imtighthe go Muillean Ceárr. Dimtig sé leis go Muilleann Ceárr indiaidh an Cheannuidhe agus tháinig sé suas leis agus cheannuigh sé punnt uaidh. D'fhill sé abhaile annsin, níor bhfada gur bhuail tart mór é. Chonnaic sé tobar istig ibpáirc. Chuaidh sé go dtí an tobar agus d'ól sé deoch breág fíor-uisge as an tobar. Nuair a tháinig sé amach as an bpáirc aríst. Chonnaich sé sean fhear liath ar an mbóthar. "Go mbheannuigh Dia duit" adeir an sean fhear liath. "Dia is Muire duit féin" a dubhairt fear Chonamara. Ar dtháinig tú ibhfad deir an sean fhear liath. D'innis fear Chonamara an sgéal dó ó thús go deireadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Gleann Mór, Co. Galway