School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 139
  3. XML “An Gorta”
  4. XML “Cuntasaí Eile ar an nGorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    shoin ach ní raibh sé chomh dona leis an ngorta mór. Lobh na fataí san talamh agus bhí coiscéim idir gach fata san iomaire. Déarfa go mbéadh obair mhór déanta ag fear dá mbéadh a dhínnéar fataí bainte aige lá. Bhéadh garraidhe romraí aige agus gan aige ach a dhínnéar fataí. Ní raibh siad chomh dona an t-am seo mar bhí an riagaltas ag tabhairt déirce dhóibh. Bhíodh siad ag fágháil plúr, im agus rudaí eile.
    Bhíodh na fataí ag lobadh gach bliadhain nó go bhfuair na daoine eolas faoi an gcloc ghorm. Ó fuair siad amhach go raibh an chloc ghorm go maith níor lobh aon fháta orra. Tá fuighleach fataí ag gach duine san áit seo anois buideachas le Dia.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cailleadh a lán daoine le ocras, le anshóg agus le tinneas. Ní bhíod de bheata aca ac neanntóga agus mín bhuidhe. Bhíodh cuid des na daoine níos feárr na chéile agus na daoine a bfeárr bhíodh roinnt fataí curtha aca agus thágadh na daoine bochta agus piocaidís na sgiolláin as an talamh agus d'íthidís iad. Bhíodh cuid eile acu ag ithe fataí lobhtha.
    An méid a chuaidh timcheall ag iarraidh rud le n-ithe mhaireadar ? acht an dream nach ndeacha cailleadh iad. Bhídís ag goid na mbeithidhigh agus na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish