School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 138
- XML “An Gorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bruit a déantaí as mín coirce a fuair siad. Tamhall na dhiaidh sin nuair a tháinig obair amhach bhíodar ag obair ar chárt mín-bhuidhe san tseachtmhain.
Tar éis na gorta thosuig tinneas ag teacht orra agus bhíodar ag fágháil bháis í leabhadh a chéile. Bhí an fiabhras sin ann go ceann bliadhna agus fuair a lán bás dá bhárr.
Nuair a fhuaireadas fataí arís tar éis acar fada choinnigh siad iad le haghaidh síolta agus bhíodar fhéin ag ithe mín-bhuidhe. Nuair a tháinig an t-am le na gcur sé an chaoi a bhaineadar na súile amach asta agus sgáipeadar amach san ithir na súile ar nós síol coirce. Bhíodh cúig nó sé de shúile ar gach fata agus bhí go léor síolta curtha ag na daoine. Tháinig an smál arís an t-am seo agus nuair a bhí sé in am fataí a bhaint, d'feicfeá gach duine san ngarraidhe ag cuartú na créfóige. Ba mhór an truaighe a bheith ag breathnú orra.
An séamhadh bliadhain tar éis na gorta bhí síolta ag na daoine arís agus bhaineadar na súile asta, agus sgáipeadar iad ar nós grainní síl. Bhí roinnt fataí ag na daoine annsin ach bhí deich mbliadhna caithte sul a raibh a ndóthain fataí ceart aca.
Bhí fataí gann ocht mbliadhna is dá fhícheadh ó(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Chonghalaigh
- Gender
- Female