School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 135
- XML “Doineann”
- XML “Cuntasaí Eile ar Oíche na Gaoithe Móire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mór cloca na gcladaigh. Bhí na clocha dá gcrocadh san áer agus dá mbriseadh faoi an mbóthar.
Beidh trácht go deo ar an hurricane sin. - Chuaidh fairrge ó Cheann Gólaim go hUachtar Árd. Bhí an fhairrge ag Ceann Gólaim chomh hárd le coilleach an Teampaill Mhóir í nGaillimh.
Bhí báid mhóra deic dtonna meadhchain ghá ndéanamh ceathramhadh míle ón bhfairrge agus cuireadh go fairrge iad. Bhí báid ag teacht as Gaillimh go Cárna agus tráig a bhí ann agus chuaidh siad ar ancoire. Do réir mar bhí taoile ag meadú, bhí an gála ag meadú agus nuair a bhí bád eile ag dul a dtógál cuireadh isteach í agus báthadh an bád a bhí amhuigh. Bhí ceathrar innte Pádhraig Ó huantáin, Tadhg Seóige agus Domhnall Huantáin agus fear eile.Cunntas eile.
Bhí oidhche na gaoithe móire ann tuairim is naocha naoi mblian ó shoin ar Oidhche Chinn an dá lá dhéag. Sí an oidhche ba mheasa a tháinig ó shoin í. Cuireadh an taoile mór ins gach uile áit. Bhí an sáile thuas ins an móin agus ins na portaigh. Deirtear go raibh bean ag teacht aniar an bóthar mór agus gur fuadhuigheadh a séal dhí agus go bé an(continues on next page)