School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 116
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní mórán oibre a dhéanaidís go ceann míosa go mbíodh an draig aca. Théigeadh an bhean ar ais ar cuairt ag a máthair agus ag a hathair faoi cheann míosa agus bhíodh bainféis eile acha ann.
    D'fanadh sí annsin go ceann seachtmhaine agus annsin thagadh sí ar ais go dtí a fear aríst. Ní bhíonn an cíneal sin bainféise aca fé lathair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fir Láidre:- Siad na fir láidhre a bhí san áit seo fadó ná Pádraig Labrais. B'as Gorumhna é. Pádraig Ó Flaithbhearta an t-ainm ceart a bhí air. Bhí sé ag obair ar bhord "Minwar" agus bhí an gunna mór socruighthe ar an long le bheith ag caitheamh le na námhaid. Bhí an gunna ró íseal agus sheas Pádraig suas agus shocruigh sé an gunna ar a ghualainn. Choinnuigh sé an gunna sin ar a ghualainn gur caitheamh trí urcair as.
    Sul a ndeacha sé ar bhord soithigh ariamh, bhí sé ag bádóireacht in a bhás fhéin. Bhí sé ag tabhairt móna ag príonnsa Thír Uainn. Tháinig an fear a bféarr in Éirinn, in Albain, i Sasana agus ar fuaid an domhain uile ag caitheamh meadhchain ar dínnéar ag an bpríonnsa. Bhí an bheirt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish